Skip to Content

Fuinneamh Gréine agus Stóráil Ceallraí

Comhpháirtíocht le Harmony Solar chun níos mó ná 1,000MW de thionscadail mhórscála a fhorbairt

Le hinfheistíocht caipitiúil tosaigh de €30 milliún, tá comhpháirtíocht bunaithe againn leis an gcomhlacht fuinnimh in-athnuaite faoi úinéireacht Éireannach, Harmony Solar, chun punann de níos mó ná 1,000MW d’acmhainneacht giniúna gréine a fhorbairt.

Tuilleadh Eolais

Feirmeacha gréine a fhorbairt sa réigiún Lár Tíre le Bord na Móna

Tá comhaontú comhfhorbartha againn le Bord na Móna chun tionscadail fuinnimh gréine a fhorbairt i gceithre shuíomh i gcontaetha Chill Dara, Uíbh Fhailí agus Ros Comáin. Beidh rochtain ag an gcomhfhiontar seo, ar a ghlaoitear Sundew Solar, ar chuid de bhunachar talún Bhord na Móna i suíomhanna straitéiseacha ar fud an réigiúin Lár-Tíre atá oiriúnach do thionscadail mhórscála fuinnimh gréine.

Ag obair i gcomhar le príomhúsáideoirí fuinnimh chun tionscadail fuinnimh gréine a fhorbairt

Trí Sheirbhísí Fuinnimh Cliste ESB, oibrímid le príomhchustaiméirí fuinnimh chun a lorg carbóin a ísliú, rud a fheabhsaíonn a n-éifeachtúlacht fuinnimh agus a laghdaíonn a gcostais fuinnimh an am céanna. Áirítear leis seo dearadh, oibriú, cothabháil agus maoiniú córais fhótavoltacha ghréine ar scála mór.

Breathnaigh ar an bhFíseán

Tuilleadh léitheoireachta