Skip to Content

Fuinneamh Tonnta

Is féidir linn cabhrú le hÉirinn a spriocanna aeráide a bhaint amach agus fuinneamh glan a sholáthar do thithe, d’fheirmeacha agus do ghnólachtaí má bhainimid leas as ár n-acmhainní nádúrtha, lena n-áirítear fuinneamh tonnta.  

A large ocean wave

 

I gcomhpháirtíocht le Simply Blue Group, táimid ag breathnú ar na féidearthachtaí a bhaineann le fuinneamh a ghiniúint ó thonnta amach ó chósta Atlantach na hÉireann, acmhainn a bhfuil neart di ann. ‘Tionscadal Saoirse’ a ghlaoitear ar an tionscadal seo - forbairt fuinnimh tonnta de chúig MW atá suite ceithre chiliméadar amach ó chósta Chontae an Chláir.  

 

Oibreacha Tionscadail

Beidh sé mar aidhm ag an tionscadal nuálach seo fuinneamh tonnta atá inmharthana a chur ar fáil i bhfarraigí na hÉireann. Ag brath ar na ceadanna riachtanacha a fháil agus an nascadh leis an eangach a chur i gcrích, meastar go mbeidh Tionscadal Saoirse ag feidhmiú faoi 2029. Is é an Tiontaire Fuinnimh Tonnta CorPowers (WEC) an teicneolaíocht a roghnaíodh don tionscadal seo, teicneolaíocht atá á húsáid faoi láthair sa Phortaingéil.

Cuireann tionscadail fuinnimh tonnta leis na hacmhainní fuinnimh ghaoithe atá ann cheana agus soláthraíonn siad punann fuinnimh in-athnuaite atá níos iontaofa agus níos sothuartha. Meastar go bhfuil acmhainn fuinnimh tonnta suas le 18GW amach ó chósta thiar na hÉireann.

Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.

Tuilleadh léitheoireachta