Skip to Content

Stóráil Ceallraí

Ár nUaillmhianta maidir le Stóráil Ceallraí

Táimid ar thús cadhnaíochta maidir le córais cheallraí a fhorbairt, chun tacú le córas leictreachais na hÉireann a dhícharbónú.

Tá sé beartaithe againn sraith tionscadal ceallraí mórscála a fhorbairt, chomh maith le teicneolaíochtaí cumasúcháin foinsí in-athnuaite breise. Tá sé seo ríthábhachtach chun tacú leis an eangach a chothromú agus soláthrófar níos mó fuinneamh gaoithe ar tír agus ón gcósta amach, agus níos mó fuinneamh gréine sa chóras leictreachais san am atá romhainn dá bharr.

Féach ar an bhFíseán

Tionscadail Ceallraí Áth Fhada

Choimisiúnaíomar ár gcéad chóras stórála ceallraí ag láithreán giniúna Áth Fhada i gContae Chorcaí in 2022. Tá an córas sin in ann 19MW a chumhachtú. Tá an dara ceallra á thógáil againn ar an láithreán céanna, agus ginfidh sé sin 150MW.

An Choill Mhór

Chuaigh Córas Stórála Fuinnimh Ceallraí na Coille Móire i bhfeidhm in 2023 agus tá d’acmhainn aige 30MW de stóráil a fheidhmíonn go tapa a chur ar fáil.

Balla an Bhulla Theas

Chuaigh Córas Stórála Fuinnimh Ceallraí Bhalla an Bhulla Theas i bhfeidhm in 2023 agus tá d’acmhainn aige 30MW de stóráil a fheidhmíonn go tapa a chur ar fáil.

An Poll Beag

Chuaigh Córas Stórála Fuinnimh Ceallraí na Coille Móire i bhfeidhm i mí na Samhna 2023 agus tá d’acmhainn aige 75MW de stóráil a fheidhmíonn go tapa a chur ar fáil. Tá sé lonnaithe ag Mol Fuinnimh na Coille Móire, áit a bhfuil sé beartaithe againn meascán teicneolaíochtaí glanfhuinnimh a úsáid, ina measc gaoth amach ón gcósta agus hidrigin, sna blianta amach romhainn.

Read Press Release

Foireann ESB

Seo é James Tobin, bainisteoir tionscadail atá ag obair ar ár bpunann cheallraí. Insíonn James dúinn faoina chonair ghairme féin in ESB, faoi na príomhdhúshláin ó thaobh punann tionscadal na heagraíochta a sholáthar agus faoin gcaoi a mbeidh siad chun leasa chóras fuinnimh na tíre.

Tugann sé comhairle mhaith dóibh siúd atá ag smaoineamh ar ghairm sa tionscal fuinnimh chomh maith.

Léigh an blag

Tuilleadh léitheoireachta