Skip to Content

Faisnéis do Sholáthraithe

Is é córas tairiscintí iomaíocha nó cineálacha iomaíochta oscailte eile atá i gcleachtas caighdeánach soláthair ESB. Tá ár nósanna imeachta soláthair ar bun chun na nithe a leanas a chinntiú: oscailteacht maidir le gach tairiscint chomhlíontach agus gach nós imeachta neamh-idirdhealaitheach um dhámhachtain, agus trédhearcacht agus cothroime sa phlé a dhéantar le soláthraithe. I gcás ina gceadaíonn cúinsí teicniúla é, is fearr linn sonraíochtaí atá bunaithe ar fheidhm agus ar fheidhmíocht a úsáid, agus a dtacaíonn caighdeáin idirnáisiúnta nó Eorpacha leo. Cloíonn gach conradh ESB leis an dlí soláthair agus leis an gCód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú.

Bí i do chomhalta dár Supply Chain Sustainability School (Scoil Inbhuanaitheacht an tSlabhra Soláthair in Éirinn).

Bí i do chomhalta dár Supply Chain Sustainability School (Scoil Inbhuanaitheacht an tSlabhra Soláthair in Éirinn).
Chun tacú lenár gcomhpháirtithe slabhra soláthair agus sinn ar fad ar aistear na hinbhuanaitheachta, tá áthas ar ESB a fhógairt gur cheann de na comhpháirtithe bunaitheora den Supply Chain Sustainability School sinn. Is timpeallacht ríomhfhoghlama saor in aisce a bheidh sa scoil nuair a sheolfar í, a chabhróidh le scileanna breise agus treoir phraiticiúil a thabhairt do dhaoine a oibríonn in earnáil na timpeallachta tógtha nó do dhaoine ar mian leo oibriú san earnáil sin.

 

Is éard atá sa scoil ná comhoibriú idir cliaint, conraitheoirí agus soláthraithe ar spéis leo ar fad cur le scileanna a slabhra soláthair, agus díreoidh an scoil ar cheisteanna inbhuanaitheachta agus comhshaoil, lena n-áirítear carbón agus an t-athrú aeráide, tionchar ar phobail agus ar an tsochaí, ceisteanna a bhaineann leis an bhfórsa saothair agus soláthar inbhuanaithe.

Molaimid dár soláthraithe ar fad clárú don acmhainn seo atá saor in aisce.


Conditions of Contract

ESB Conditions of Contract for Purchase of Materials and or Services

PDF | 270KB

ESB Coolkeeragh Terms and Conditions - September 2018

PDF | 179KB

UK Terms and Conditions for purchase of materials and or Services - February-2020

PDF | 164KB

Cairt ESB do Sholáthraithe agus Ceanglais do Thríú Páirtithe

 
Tá coinne ag ESB leis, maidir leis na soláthraithe/conraitheoirí ar fad a chuireann earraí, seirbhísí nó oibreacha ar fáil do ESB nó thar ceann ESB, go ndéanfaidh siad a ngnó ar bhealach ionraic agus eiticiúil, i gcomhréir le gach dlí is infheidhme, agus go léireoidh siad meas ar chearta an duine, a sainaithnítear go hidirnáisiúnta iad.
Leagtar amach sa Chairt do Sholáthraithe na bunphrionsabail a bhfuil coinne ag ESB leo ó sholáthraithe/conraitheoirí. Maidir le soláthraithe/conraitheoirí a dhéanann gnó nó ar mhaith leo gnó a dhéanamh le ESB, ba cheart dóibh iad féin a chur ar an eolas faoi na téarmaí ábhartha ina gconarthaí le ESB agus faoi na Ceanglais do Thríú Páirtithe a chuireann oibleagáidí sonracha orthu i ndáil leis na ceisteanna sin.

 


 

ESB Supplier Charter

PDF | 109KB

ESB Requirements for Third Parties Policy May 2022

PDF | 150KB

Tairiscintí a chur isteach ar Chonarthaí ESB: Cén chaoi a n-oibríonn sé?

Úsáideann ESB eTenders, tairseach soláthair Rialtas na hÉireann, nuair a eisíonn sé fógraí conartha agus iarrataí ar thairiscintí.  Moltar do sholáthraithe ionchasacha spéis a chlárú le eTenders ionas go bhfaighidh siad foláireamh nuair a fhoilsítear fógraí conartha.

ESB Procurement FAQs

PDF | 109KB

Beartas ESB maidir le Sclábhaíocht Nua-aimseartha

Mar eagraíocht a oibríonn sa Ríocht Aontaithe, tacaíonn ESB go hiomlán le Modern Slavery Act 2015 na Ríochta Aontaithe agus tá cur chuige neamhfhulaingthe i bhfeidhm aige maidir le sclábhaíocht. Chun cosc a chur ar ghníomhartha sclábhaíochta agus gáinneála ar dhaoine ina ghnó agus ina slabhraí soláthair, tá bearta déanta ag ESB, ina measc Beartas maidir le Sclábhaíocht Nua-aimseartha a ghlacadh (le fáil thíos).

ESB Group Policy on Modern Slavery 2024

PDF | 227KB

ESB Statement on the Prevention of Slavery Human Trafiicking - May 2024

PDF | 126KB

Contractor Safety Regulations

ESB Energy Contractor Safety Regulations 2021

PDF | 674KB

Enterprise Services Contractor Safety Regulations 2021

PDF | 885KB

Customer Solutions Contractor Safety Regulations 2021

PDF | 960KB

ESB Generation Stations - Contractor Safety and Environmental Regulations

PDF | 1010KB

ESB Networks - Contractor Safety Regulations

PDF | 1MB

Íocaíocht

Is é beartas ESB ná sonraisc nach bhfuil díospóid ina leith a íoc faoi na téarmaí íocaíochta comhaontaithe. Is Cuntas Glan Míosúil atá i ngnáth-théarmaí íocaíochta ESB. Táimid tiomanta cloí le téarmaí na reachtaíochta is infheidhme maidir le híocaíochtaí déanacha.
Tá ESB ina shínitheoir ar an gCód Cleachtais um Íoc Pras Cuntas. 

 

Tuilleadh léitheoireachta