Soláthar ag ESB
Soláthar Inbhuanaithe
Lenár ngnólachtaí éagsúla ar fud Phoblacht na hÉireann, Thuaisceart Éireann agus na Breataine Móire, tá sé mar aidhm againn freastal ar riachtanais custaiméirí trí na hacmhainní is fearr atá againn a thabhairt le chéile chun réitigh nuálacha atá dírithe ar luach ar airgead a chur ar fáil i dtreo an tsaoil ísealcharbóin.
Tá sé mar aidhm ag ESB a chinntiú go bhfuil inbhuanaitheacht fite fuaite ar fud na bhfeidhmeanna go léir, soláthar san áireamh, mar chéim riachtanach i dtreo sprioc na cuideachta cur le fís inbhuanaitheachta na cuideachta agus leis an tsochaí ina hiomláine.
Táimid tiomanta do dhramhaíl a laghdú ar shlí inbhuanaithe inár n-oibríochtaí go léir. Cuirimid íoslaghdú dramhaíola san áireamh agus ábhar, trealamh agus pacáistiú gaolmhar á bhfáil againn. Tá sé beartaithe againn aistriú de réir a chéile chuig bealach leictreonach le gnó a dhéanamh lena soláthróirí.
Faigheann ESB raon leathan soláthairtí, seirbhísí agus/nó oibreacha chun tacú le cur i gcrích ár ngníomhaíochtaí gnó. Tá roinnt de na soláthairtí, seirbhísí agus/nó oibreacha is mó a cheannaíonn ESB liostaithe (mar atá thíos) de réir chineál a dtionscail. Tabhair do d'aire go bhféadtar an liosta sin a athrú.
I gcás ina dteastaíonn tuilleadh eolais uait nó treoir a bhaineann le haon ní ar an liosta, déan teagmháil leis an duine ábhartha soláthair anseo.