Ár gCuspóirí Straitéiseacha
Is mian linn fórsa saothair a bhíonn ag éirí níos éagsúla agus cultúr solúbtha muintearais agus ionchuimsithe a thógáil, ionas go mbeimid in ann difear a dhéanamh, le chéile, agus neodracht a bhaint amach do chách sa todhchaí. Tá ár ngealltanas d’Éagsúlacht, Comhionannas, agus Ionchuimsiú nasctha go smior lenár luachanna maidir le bheith Comhbhách, Cróga, Tiomanta agus Iontaofa. Tá tuilleadh eolais faoinár gcuid luachanna anseo.
Cuirimid raon tacaíochtaí ar fáil dár bhfostaithe, lena n-áirítear deiseanna saincheaptha maidir le forbairt gairme, mar shampla an tionscnamh ‘Bealaí chuig an Rath’ atá dírithe ar mhná, deiseanna chun meantóireacht, cóitseáil, folláine, agus obair dheonach a dhéanamh, gealltanas maidir le hoibriú cliste agus cláir do gach tuismitheoir, mar shampla ‘Aistriú Rathúil chuig an Tuismitheoireacht a Bhainistiú’.
Eispéiris agus deiseanna níos fearr a chruthú in ESB
Sa chéad tuarascáil maidir le hIonchuimsiú, Comhionannas agus Inrochtaineacht, léirítear cuid de na céimeanna atá á dtógáil againn chun inrochtaineacht a chinntiú dár gcuid fostaithe go léir, do na fostaithe faoi mhíchumas agus do na custaiméirí faoi mhíchumas. Tá comhoibriú fós ar bun againn le comhpháirtithe amhail AsIAm, AHEAD agus le Tionscnamh na nDoirse Oscailte chun oiliúint ionchuimsitheach san áit oibre a sholáthar agus chun fostaíocht daoine faoi mhíchumas san eagraíocht a chur chun cinn.
Is féidir an tuarascáil a íoslódáil chun na mionsonraí go léir a fháil.
Gradaim, Creidiúnú agus Comhpháirtithe Seachtracha
Táimid bródúil as bheith inár gcomhpháirtí le heagraíochtaí comhpháirtíochta seachtracha. Tugann ár gcomhpháirtithe treoir agus tacaíocht leanúnach dúinn leis na hiarrachtaí go léir a dhéanaimid chun fórsa saothar éagsúil atá bunaithe ar chultúr comhionannais, ionchuimsithe, caoinfhulaingthe agus muintearais a chruthú agus a chothabháil.