Skip to Content
Back to Press Releases 08 November 2024

ESB Networks warn of the risks associated with erecting candidate posters on electricity poles ahead of General Election

  • The erection of candidate posters on electricity infrastructure is strictly prohibited for safety reasons 
  • ESB Networks has previously been required to interrupt the electricity supply to households and businesses in order to safely remove posters

Friday, 8 November 2024

ESB Networks remind all groups and parties involved in the upcoming General Election that the erection of candidate posters on electricity poles is strictly prohibited and poses a serious safety risk to members of the public as well as ESB Networks staff and contractors.

Hazardous situations have been created in the past by people erecting posters on live electricity poles and infrastructure. Attaching anything to electricity poles exposes individuals to the risk of electric shock, burns and falling from a height. ESB Networks’ wires and equipment are always live, and posters attached to poles have previously caused poles to catch fire and fall.

As we come into the winter months, weather conditions such as heavy rain and winds can cause posters to become detached and in turn potentially making contact with live electrical wires.The removal of posters from electricity poles can pose significant safety risks to ESB Networks staff, which can result in severe injuries.

Speaking ahead of the upcoming election Michael Murray, ESB Networks Public Safety Manager, said: “ESB Networks regularly advise members of the public to always stay clear of electricity poles and wires through our various campaigns. It is never safe to interfere with electricity equipment and we previously have been required to interrupt the electricity supply to households and businesses to safely remove posters. It is important that these messages are taken on board in the interest of safety.”

You should always stay safe and stay clear of electricity wires and cables as these are always live and potentially dangerous. If you see a potentially dangerous situation or in the event of an emergency involving the electricity network, please contact ESB Networks on our 24/7 emergency phone number: 1800 372 999.

ENDS/

Rabhadh tugtha ag ESB Networks faoi na rioscaí a bhaineann le póstaeir a chur suas ar chuaillí leictreachais roimh an Olltoghchán. 

  • Tá dianchosc ​ar phóstaeir a chur suas ar bhonneagar leictreachais ar chúiseanna sábháilteachta  
  • I dtoghcháin roimhe seo, bhí ar ESB Networks cur isteach ar an soláthar leictreachais do theaghlaigh agus do ghnóthais le póstaeir a bhaint anuas go sábháilte 

Dé hAoine, an 8 Samhain 2024 

Meabhraíonn ESB Networks do na grúpaí agus do na páirtithe go léir a bheidh páirteach san Olltoghchán atá ar na bacáin go bhfuil dianchosc ​ar phóstaeir iarrthóirí a chur suas ar chuaillí leictreachais toisc gur bagairt thromchúiseach é do shábháilteacht an phobail, gan trácht ar shábháilteacht na mball foirne agus na gconraitheoirí ag ESB Networks. 

Bhí cásanna guaiseacha ann roimhe seo nuair a chuir daoine póstaeir suas ar chuaillí leictreachais bheo agus ar bhonneagar leictreachais. Má chuireann daoine rud ar bith suas ar chuaillí leictreachais, beidh siad i mbaol turraing leictreach, dónna agus titim ó airde. Bíonn sreanga agus trealamh ESB Networks beo i gcónaí agus tharla sé roimhe seo ndeachaigh cuaillí trí thine agus gur thit siad mar gheall ar phóstaeir a crochadh orthu. 

Agus an geimhreadh ag druidim linn, is féidir le dálaí aimsire mar bháisteach throm agus gaoithe láidre bheith ina gcúis le póstaeir éirí scaoilte agus teagmháil a dhéanamh le sreanga leictreacha beo. Bíonn rioscaí móra sábháilteachta d’fhoireann ESB Networks ag baint le póstaeir a bhaint anuas ó chuaillí leictreachais, agus d’fhéadfaí iad a ghortú go tromchúiseach. 

Ag labhairt dó roimh an toghchán atá ar na bacáin, bhí an méid seo le rá ag Michael Murray, Bainisteoir Sábháilteachta Poiblí ESB Networks: “Molann ESB Networks don phobal go rialta fanacht glan ar chuaillí agus sreanga leictreachais trínár bhfeachtais éagsúla. Ní bhíonn sé sábháilte riamh méiseáil le trealamh leictreachais. Roimhe seo, b’éigean dúinn cur isteach ar an soláthar leictreachais do theaghlaigh agus do ghnólachtaí le póstaeir a bhaint anuas go sábháilte. Tá sé thar a bheith tábhachtach go dtabharfaí aird ar na teachtaireachtaí seo ar mhaithe le sábháilteacht.” 

Ba cheart duit tú féin a choinneáil slán sábháilte i gcónaí agus fanacht glan ar shreanga agus cáblaí leictreachais – bíonn siad beo i gcónaí agus d’fhéadfaidís a bheith contúirteach. Má fheiceann tú cás a d’fhéadfadh a bheith contúirteach nó cás éigeandála a bhaineann leis an líonra leictreachais, iarrtar ort fios a chur ar ESB Networks láithreach bonn ar ár n-uimhir theileafóin éigeandála 24/7: 1800 372 999.