Skip to Content
Back to Press Releases 07 December 2024

Storm Darragh update: ESB Networks teams restoring electricity supply to 325,000 impacted customers

  • There has been widespread and extensive damage to electricity infrastructure with power outages nationwide affecting 325,000 customers as of 11.30am
  • ESB Networks crews and partner contractors have been deployed since early morning and are working to safely restore power as quickly as possible in challenging conditions
  • With Met Éireann wind warnings remaining in place until this afternoon, further power outages can be expected  
  • From our experience of previous significant weather events, we anticipate restoration will take a number of days and it is likely that the areas worst affected will take longer  
  • Given the scale of the damage and the dynamic nature of the event, we will be working to confirm restoration times for customers throughout the day and we will update www.PowerCheck.ie as information is confirmed
  • Stay Safe, Stay Clear of fallen electricity wires. Report any damage to the network by calling 1800 372 999

Issued: 11.45am on Saturday, 7th December 2024 

Extremely strong and gusty winds associated with Storm Darragh have caused widespread and extensive damage to the electricity network across the country with over 325,000 homes, farms and businesses (11.30am) without power. There was approximately 395,000 customers without power at 7am.

Storm Darragh is similar in impact to Storm Ophelia in 2017, which left 385,000 customers without power at the peak but with more widespread impact across the country.

The impact is nationwide and there has been extensive damage to electricity infrastructure so far. With Met Éireann wind warnings remaining in place for the entire country until this afternoon, further power outages can be expected from potentially damaging gusts.

ESB Networks crews and partner contractors have been deployed since early morning to assess the damage of Storm Darragh, make the network safe and restore electricity supply in challenging conditions. All ESB Networks teams are mobilised and are continuing to closely monitor the storm impact on power supplies.

From our experience of previous significant weather events and due to the severity of Storm Darragh, we expect that power restoration will take multiple days. Significant numbers of impacted customers will have their power restored throughout today but restoration efforts will take a number of days and it is likely that the areas worst affected will take longer.

Given the scale of the damage and the dynamic nature of the event, we will be working to confirm restoration times for customers throughout the day and we will update www.PowerCheck.ie as information is confirmed. We advise customers to sign up for our “Keep me Notified” service for power outages on www.PowerCheck.ie to receive status updates directly. Our Customer Contact Centre Agents will be supporting customers throughout Storm Darragh but will not be in a position to provide outage information until the network assessment has been fully conducted.  

An Important Public Safety Message: If you come across fallen wires or damaged electricity network, never, ever touch or approach these as they are LIVE and extremely dangerous. Please report any damage to electricity infrastructure by calling 1800 372 999. 

ENDS/ 

Nuashonrú ar Stoirm Darragh: Soláthar leictreachais á chur ar fáil arís ag foirne ESB Networks do 325,000 custaiméir gan leictreachas

  • Rinneadh díobháil fhorleathan agus fhairsing don bhonneagar leictreachais agus bhí 325,000 custaiméir thíos le gearrthacha cumhachta ó bhí 11.30 r.n. ann.
  • Tá foirne agus conraitheoirí comhpháirtí ESB Networks á gcur amach ó thráth luath ar maidin agus tá siad ag obair leis an gcumhacht a sholáthar arís go sábháilte chomh tapa agus is féidir i ndálaí dúshlánacha
  • D’fhéadfadh gearrthacha breise cumhachta a bheith i gceist mar gheall go mbeidh na rabhaidh ghaoithe a d’eisigh Met Éireann i bhfeidhm go dtí tráthnóna inniu  
  • Is dócha, bunaithe ar dhrochaimsir roimhe seo, go nglacfaidh sé cúpla lá orainn an chumhacht a sholáthar arís agus is dócha go nglacfaidh sé níos faide sna háiteanna is mó atá thíos.  
  • Nuair a chuirtear méid na díobhála agus cineál dinimiciúil na haimsire san áireamh, beimid ag obair le hamanna athsholáthair a dheimhniú do chustaiméirí i gcaitheamh an lae agus nuashonróimid www.PowerCheck.ie de réir mar a dheimhnítear eolas.
  • Bí Sábháilte – Fan Glan ar shreanga leictreachais tite. Tabhair aon díobháil a rinneadh don líonra le fios trí ghlaoch ar 1800 372 999

Arna eisiúint: 11.45 r.n. Dé Sathairn, an 7 Nollaig 2024

Rinne siotaí fíorláidre Stoirm Darragh díobháil fhorleathan agus fhairsing don líonra leictreachais ar fud na tíre agus tá breis agus 325,000 áit chónaithe, feirm agus gnólacht gan chumhacht (ó bhí 11.30 r.n. ann). Bhí thart ar 395,000 custaiméir gan chumhacht ag 7 r.n.

Tá Stoirm Darragh chomh dona le Stoirm Ophelia in 2017 ó thaobh tionchair, tráth a raibh 385,000 custaiméir gan chumhacht ag an tráth ba mheasa, ach tá tionchar níos forleithne á imirt ag Stoirm Darragh fud fad na tíre.

Tá tionchar á imirt ar fud na tíre agus rinneadh díobháil fhorleathan don bhonneagar leictreachais go dtí seo. Beidh na rabhaidh ghaoithe a d’eisigh Met Éireann i bhfeidhm go dtí tráthnóna inniu agus d’fhéadfadh gearrthacha breise cumhachta a bheith i gceist de bharr siotaí a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh.

Tá foirne agus conraitheoirí comhpháirtí ESB Networks á gcur amach ó thráth luath ar maidin le díobháil Stoirm Darragh a mheas, leis an líonra a dhéanamh sábháilte agus leis an leictreachas a sholáthar arís faoi i ndálaí dúshlánacha. Tá gach foireann ESB Networks curtha amach agus leanann siad le monatóireacht dhlúth a dhéanamh ar thionchar na stoirme ar sholáthairtí cumhachta.

Ceapaimid, bunaithe ar dhrochaimsir roimhe seo agus mar gheall ar cé chomh dona atá Stoirm Darragh, go nglacfaidh sé cúpla lá orainn an chumhacht a sholáthar arís. Cuirfear a gcumhacht ar fáil arís do líonta móra custaiméirí gan chumhacht i rith an lae ach glacfaidh sé cúpla lá ar na hiarrachtaí athsholáthair agus is dóchúil go nglacfaidh sé níos faide sna háiteanna ar imríodh an tionchar ba mhó orthu.

Nuair a chuirtear méid na díobhála agus cineál dinimiciúil na haimsire san áireamh, beimid ag obair le hamanna athsholáthair a dheimhniú do chustaiméirí i gcaitheamh an lae agus nuashonróimid www.PowerCheck.ie de réir mar a dheimhnítear eolas. Molaimid do chustaiméirí clárú lenár seirbhís ‘Coimeád ar an Eolas Mé’ do bhristeacha cumhachta ar www.PowerCheck.ie le nuashonruithe ar stádas a fháil go díreach. Beidh Gníomhairí ár nIonaid Teagmhála Custaiméirí ag tacú le custaiméirí i rith Stoirm Darragh ach ní bheidh siad in ann eolas faoi ghearrthacha a thabhairt go dtí go ndéanfar measúnú iomlán ar an líonra.  

Teachtaireacht Thábhachtach faoi Shábháilteacht Phoiblí: Má thagann tú ar shreanga tite nó ar líonra leictreachais a ndearnadh damáiste dó, ná bain leo is ná téigh gar dóibh riamh mar tá siad BEO agus thar a bheith contúirteach. Seol tuairisc faoi aon damáiste do bhonneagar leictreachais trí ghlaoch ar 1800 372 999.

CRÍOCH/