Skip to Content

ESB Networks’ welcomes publication of Price Review Six (PR6) Final Determination

Dec 16, 2025, 09:31 by User Not Found
ESB Networks welcomes the publication today by the Commission for Regulation of Utilities (CRU) of the Price Review Six (PR6) Final Determination, following an eighteen-month engagement process.
  • Ambitious and challenging investment programme reflects strategic importance of electricity network to social, economic and environmental progress

Tuesday 16th December 2025 

ESB Networks welcomes the publication today by the Commission for Regulation of Utilities (CRU) of the Price Review Six (PR6) Final Determination, following an eighteen-month engagement process. 

PR6 is the largest investment in the electricity network in Ireland’s history and will involve the delivery of more than 500 major capital projects which will allow Ireland to meet the increasing demand for electricity. This scale of investment reflects the strategic importance of the electricity network in enabling key policy targets, including those contained in the Government’s new housing plan -  Delivering Homes, Building Communities: An Action Plan on Housing Supply and Targeting Homelessness 2025-2030 – as well as the National Planning Framework, the National Development Plan and the Climate Action Plan.

PR6 will allow ESB Networks to build on and accelerate the significant progress achieved during Price Review 5 (PR5) which included the connection of over 186,000 homes, farms and businesses, the addition of 2.1 GW of utility scale renewable generation and the installation of over 1.8 million smart meters.  

Nicholas Tarrant, ESB Networks Managing Director, welcomed today’s determination by the CRU saying: “The final determination endorses the scale of ambition put forward by ESB Networks in our PR6 Business Plan. It will help pave the way for a more resilient, reliable and sustainable energy future for Ireland, supporting housing, jobs and climate action. We look forward to working in collaboration with our stakeholders, industry colleagues and all of society to deliver this historic and transformative investment in Ireland’s future.”  

Full details can be seen in the ESB Networks Price Review 6 Business Plan document. 

Fáilte curtha ag ESB Networks roimh an gCinneadh Deiridh ar Athbhreithniú 6 ar Phraghsanna (PR6)

Léiriú é an clár infheistíochta atá idir uaillmhianach agus dúshlánach ar thábhacht straitéiseach an líonra leictreachais i dtaobh dul chun cinn sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil

Dé Máirt, an 16 Nollaig 2025 

Tá fáilte curtha ag ESB Networks roimh an gCinneadh Deiridh ar Athbhreithniú 6 ar Phraghsanna (PR6), a d'fhoilsigh an Coimisiún um Rialáil Fóntas (CRU) inniu tar éis próiseas rannpháirtíochta a mhair 18 mí. 

Is é PR6 an infheistíocht is mó riamh i líonra leictreachais na hÉireann agus níos mó ná 500 mórthionscadal caipitil le cur i gcrích faoi sa chaoi go mbeifear in ann freastal ar an éileamh ar leictreachas in Éirinn atá ag dul i méid. Léiríonn méid na hinfheistíochta seo tábhacht straitéiseach an líonra leictreachais maidir le príomhspriocanna beartais a bhaint amach, lena n-áirítear na cinn i bplean tithíochta nua an Rialtais - Tithe a Sheachadadh, Pobail a Thógáil: Plean Gníomhaíochta don Soláthar Tithíochta agus chun Dul i nGleic leis an Easpa Dídine, 2025-2030 – chomh maith leis an gCreat Náisiúnta Pleanála, an Plean Forbartha Náisiúnta agus an Plean um Ghníomhú ar son na hAeráide.

Cuirfidh PR6 ar chumas ESB Networks cur leis an dul chun cinn suntasach a rinneadh faoi Athbhreithniú 5 ar Phraghsanna (PR5) agus dlús a chur leis. Áirítear leis an dul chun cinn sin os cionn 186,000 teach, feirm agus gnó a nascadh, 2.1 GW breise de ghiniúint in-athnuaite ar scála fóntais agus os cionn 1.8 milliún méadar cliste a shuiteáil.  

Chuir Nicholas Tarrant, Stiúrthóir Bainistíochta ESB Networks, fáilte roimh chinneadh an CRU inniu agus dúirt: "Tacaíonn an cinneadh deiridh seo leis an scála uaillmhéine a leag ESB Networks amach i bPlean Gnó PR6.  Cabhróidh sé linn an bealach a réiteach do thodhchaí fuinnimh níos athléimní, níos iontaofa agus níos inbhuanaithe d'Éirinn, agus tacóidh le bearta tithíochta, cruthaithe post agus gníomhaithe ar son na haeráide. Táimid ag tnúth le dul i gcomhar lenár bpáirtithe leasmhara, lenár gcomhghleacaithe sa tionscal agus leis an tsochaí go léir chun an infheistíocht stairiúil agus chlaochlaitheach seo ar son an tsaoil amach anseo in Éirinn a chur i gcrích."  

CRÍOCH/