Skip to Content
Back to Press Releases 25 March 2026

ESB Group announces 2025 Annual Results

Wednesday, 25th March 2026

ESB has today published its financial statements for the year ended 31 December 2025. This robust financial performance, delivered against a challenging backdrop, provides a basis for continued investment by ESB in a more sustainable and resilient energy system for customers, in line with its Net Zero carbon emissions by 2040 strategy.

Key Financial Highlights include:


  • Profit after Tax of €636m is a €70m reduction on last year, reflecting the unprecedented impact of Storm Éowyn in January 2025.
  • Record capital investment of €2.7bn (including joint ventures) in critical energy infrastructure - €4 was invested in capital projects for every €1 of Profit after Tax earned
  • €3.4bn contribution to the Irish economy in 2025 through payroll, taxes, dividends and purchases from domestic suppliers. Proposed dividend of €149m
  • Continued financial strength underpins sustained capital investment – forecasted at approx. €20bn over the next five years with up to €16bn directed to electricity networks on the island of Ireland
  • Carbon intensity of ESB’s power generation continues to fall – down 53% against 2005 baseline
Commenting on today’s results, Paul Stapleton, ESB’s Chief Financial Officer, said: “The results that we are announcing today reflect ESB’s continued commitment to delivering substantial investment in critical energy infrastructure for our economy, our society and our customers. We are rising to that challenge in the context of housing connections and economic growth, climate change, and our net zero carbon ambitions.

“Our 2025 financial performance has enabled us to deliver a record capital investment of €2.7bn in critical energy infrastructure, while retaining the financial strength to invest at even greater scale in the years ahead.”

ESB’s growing capital investment programme is designed to develop and decarbonise the energy system by connecting renewables, adding capacity for economic and social development, and ensuring safe, secure and reliable electricity supplies in the face of more frequent extreme weather events. ESB plans to further accelerate this investment to help underpin a more secure energy future, powered by clean electricity, notably through the PR6 capital programme by ESB Networks, the corresponding RP7 programme by NIE Networks, and investments in solar, onshore and offshore wind generation.

There were over 38,000 residential connections made by ESB Networks in 2025, up 18% on 2024. The period also saw notable landmark milestones for ESB Group in the transition towards net zero carbon emissions, surpassing over two million smart meters installed in Ireland and the historic ending of generation using coal at Moneypoint power station as part of the longer-term transformation of the Co Clare site into a renewable energy hub.

ESB Group also secured the rights to develop the 900MW Tonn Nua offshore wind project off the coast of Waterford with Ørsted, while ESB’s growing solar portfolio includes 700MW currently in development. ESB is also investing in people, with employee numbers growing to over 10,000 in 2025.

Paul Stapleton, added: “Given events internationally, wholesale energy prices have been volatile and remain at higher levels than those seen before the 2022/23 energy crisis. Electric Ireland cut gas prices in 2025 and was able to maintain electricity prices for its 1.1 million residential customers last winter, at a time when many competitors increased theirs. We remain very mindful of the burden that continued elevated energy prices place on customers and are committed to doing everything in our power to support them.” ESB’s 2025 Financial Statements are available here: www.esb.ie/ir. An Irish language version of our Financial Statements is available to view here.

The full report can be accessed on our results page.

 

ENDS/

Torthaí Bliantúla ó 2025 á bhfógairt ag Grúpa Bhord Soláthair an Leictreachais: Infheistíocht chaipitiúil €2.7bn déanta sa bhonneagar criticiúil fuinnimh, níos mó ná riamh, a bhuí le feidhmíocht airgeadais

Dé Céadaoin, an 25 Márta 2026 

D’fhoilsigh Grúpa Bhord Soláthair an Leictreachais (ESB) a Ráitis Airgeadais inniu don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2025. Leagtha amach iontu tá torthaí láidre airgeadais a baineadh amach in ainneoin na ndúshlán a bhí le sárú agus is ar an mbonn sin atá ESB in ann infheistíocht a dhéanamh i gcónaí i gcóras fuinnimh níos inbhuanaithe agus níos seasmhaí dá gcustaiméirí i gcomhréir le straitéis an Bhoird neodracht carbóin a bhaint amach faoi 2040.

Seo a leanas cuid de na príomh-bhuaicphointí airgeadais:

Brabús Iarchánach €636m, ar laghdú €70m é sin ar a raibh ann anuraidh mar gheall ar an tionchar ó Stoirm Éowyn in Eanáir 2025, rud nach bhfacthas a leithéid riamh cheana.

Infheistíocht chaipitiúil €2.7bn (comhfhiontair san áireamh), níos mó ná riamh, i mbonneagar criticiúil fuinnimh: rinneadh €4 a infheistiú i dtionscadail chaipitiúla as gach €1 de Bhrabús Iarchánach a tuilleadh

€3.4bn curtha le geilleagar na hÉireann in 2025 ó thaobh párolla, cánacha, díbhinní agus ceannacháin ó sholáthraithe intíre de. Díbhinn bheartaithe €149m ann

Láidreacht leanúnach airgeadais mar bhonn faoi infheistíocht chaipitiúil leanúnach – timpeall €20bn sna cúig bliana atá romhainn an meastachán atá ann agus suas le €16bn le dul chuig líonraí leictreachais ar oileán na hÉireann

Laghdú leanúnach ar dhéine carbóin na giniúna cumhachta a dhéanann ESB – laghdú 53% ar bhonnlíne 2005

Agus é ag trácht ar na torthaí a fógraíodh inniu, seo an méid a dúirt Paul Stapleton, Príomhoifigeach Airgeadais ESB:“Na torthaí atá á bhfógairt againn inniu, léiríonn siad ár ndílseacht in ESB i rith an ama infheistíocht shuntasach a dhéanamh i mbonneagar criticiúil fuinnimh ar mhaithe leis an ngeilleagar, leis an tsochaí agus lenár gcustaiméirí. Táimid ag tabhairt faoin dúshlán i gcomhthéacsanna amhail tithíocht a nascadh, an fás eacnamaíoch, an t-athrú aeráide agus ár spriocanna ó thaobh neodracht carbóin de.

“D’éirigh linn infheistíocht chaipitiúil €2.7bn a dhéanamh i mbonneagar criticiúil fuinnimh a bhuí leis na torthaí airgeadais a baineadh amach in 2025 agus, san am céanna, cúrsaí airgeadais fós láidir go leor go mbeimid in ann infheistíocht ar scála níos mó a dhéanamh ann amach anseo.”

Tá fás ar chlár infheistíochta caipitil ESB atá beartaithe chun an córas fuinnimh a fhorbairt agus a dhícharbónú de bharr foinsí in-athnuaite a nascadh, cur leis an acmhainneacht don fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta agus féachaint le go mbeidh soláthar slán sábháilte iontaofa leictreachais ann agus muid ag dul i ngleic le tarluithe adhaimsire a bhíonn ann níos minice anois. Tá sé beartaithe ag ESB borradh breise a chur faoi infheistíocht den chineál seo ionas go mbeidh slándáil fuinnimh againn amach anseo agus leictreachas glan mar fhoinse againn. Samplaí suntasacha dá leithéid ná clár caipitil PR6 ESB Networks, clár comhfhreagrach RP7 NIE Networks agus infheistíochtaí sa ghiniúint fuinnimh gréine agus fuinnimh gaoithe ar talamh agus amach ón gcósta.

Nasc ESB Networks os cionn 38,000 áit chónaithe leis an líonra in 2025, méadú 18% i gcomparáid le 2024. Bhain Grúpa ESB garspriocanna suntasacha amach sa tréimhse chéanna san aistriú i dtreo glanastaíochtaí nialasacha: tá os cionn dhá mhilliún méadar cliste suiteáilte in Éirinn anois agus tháinig deireadh le húsáid an ghuail sa ghiniúint fuinnimh i stáisiún cumhachta Ghob na Muine, Contae an Chláir, mar chuid den obair leis an láithreán a athrú san fhadtéarma le go mbeidh mol don fhuinneamh in-athnuaite ann.

Tá na cearta bainte amach ag Grúpa ESB leis an tionscadal gaoithe 900MW amach ón gcósta, Tonn Nua, a fhorbairt amach ó chósta Phort Láirge i gcomhar le Ørsted. Tá forbairt ar bun chomh maith ar 700MW de phunann fuinnimh gréine ESB. Déanann ESB infheistíocht i ndaoine chomh maith. Tháinig fás go breis is 10,000 duine ar an líon fostaithe in 2025.

Dúirt Paul Stapleton an méid seo chomh maithTá praghsanna mórdhíola fuinnimh millteanach luaineach faoi láthair de dheasca a bhfuil ag titim amach go hidirnáisiúnta agus tá siad fós ar leibhéil níos airde ná mar a bhí roimh an ngéarchéim fuinnimh in 2022/23. D’éirigh le Electric Ireland praghsanna gáis a laghdú in 2025 agus praghsanna leictreachais a choinneáil ar an leibhéal céanna dá 1.1 milliún custaiméir cónaithe anuraidh sa gheimhreadh, tráth ar tháinig méadú ar phraghsanna iomaitheoirí. Tuigimid go bhfuil brú i dtólamh ar dhaoine de dheasca praghsanna ardaithe fuinnimh agus tá gealltanais tugtha againn go ndéanfaimid gach rud agus is féidir linn chun tacú leo.”  

Tá teacht ar Ráitis Airgeadais 2025 Bhord Soláthair an Leictreachais ar an nasc seo: www.esb.ie/ir.

CRÍOCH/